IMRAM i gcomhar le Féile Scríbhneoirí Bhaile Átha Cliath

Seánra filíochta a tháinig chun cinn sa dara leath den 17ú haois atá san aisling. Is gnách go dtagann Éire go dtí an file in aisling agus í i gcruth spéirmhná nó caillí. Bíonn cás an phobail á chaoineadh aici agus í ag tuar go bhfuil lá geal gréine ag teacht; is minic gur Stíobhartach sa ríchathaoir thall i Sasana an bhrí a bhí leis sin. Ba é Aogán Ó Rathaille athair na haislinge ar ndóigh agus is sárghreanta iad na haislingí a tháinig óna lámh.

Anocht cuirfidh IMRAM agus Féile Scríbhneoirí Bhaile Átha Cliath mórléamh ar bun ina gcuirfidh filí Gaeilge mór le rá, Paddy Bushe, Gearóid Mac Lochlainn agus Dairena Ní Chinnéide, dánta i láthair i bhfoirm aislinge agus drochbhail na hÉireann á cásamh acu. Ina dteannta beidh cumadóir agus fear na seacht n-uirlisí Seán Óg McErlane agus ceol speisialta a chum sé don ócáid mar aon le híomhánna ar scáileán á dteilgean ag an ealaíontóir Margaret Lonergan.

Liam Carson, stiúrthóir IMRAM, Féile Litríochta na Gaeilge, a chruthaigh an tionscadal seo.

IMRAM in association with Dublin Writers Festival

The aisling - or vision poem – is a poetic form that developed during the late 17th and 18th centuries. In an aisling, Ireland appears to the poet in a vision or dream in the form of a woman, sometimes young and beautiful, sometimes aged and haggard. This figure is referred to in the poems as a spéirbhean. She laments the state of the Irish people and predicts an imminent renewal of their fortunes, frequently linked to the return of a Stuart pretender to the English throne. The first and greatest of the aisling poets was Aogán Ó Rathaille - athair na haislinge (father of the aisling). In his hands, the aisling is a powerful mode of political writing.
 
Tonight IMRAM and Dublin Writers Festival stages a major reading in which leading Irish language poets Paddy Bushe, Gearóid Mac Lochlainn and Dairena Ní Chinnéide perform newly composed poems in the aisling form addressing the current state of Ireland. These will be performed with specially composed live music by acclaimed composer and multi-instrumentalist Seán Óg McErlane, and on-screen projections by artist Margaret Lonergan.
 
This event is curated by Liam Carson, director of the IMRAM Irish Language Literature Festival.