Samuel Beckett, Krapp's Last Tape, Translation by Gabriel Rosenstock.

Is é Macdara Ó Fátharta atá i bpáirt Krapp sa dráma Téip Dheireanach Krapp le Beckett, Krapp an duine colgach uaigneach a chuir an grá i leataobh ar mhaithe lena ghairm mar scríbhneoir. Aistriúchán Gaeilge úrnua le Gabriel Rosenstock don chompántas Mouth on Fire, an compántas a chuireann roimhe saothar Bheckett a chur ar fáil go slachtmhar do chách, i mBéarla agus i nGaeilge. Aisteoir de chuid Amharclann na Mainistreach é Macdara agus páirteanna éagsúla aige i scannáin agus i gcláir theilifíse. Aithne ag an saol Fódlach air mar Thadhg sa sobaldráma Ros na Rún. Is é Cathal Quinn an stiúrthóir agus ocht gcinn déag de phíosaí Bheckett, i nGaeilge agus i mBéarla, déanta aige agus iad tugtha aige ar camchuairt ar fud an domhain, in É irinn, i Sasana, sa tSeapáin, sa Rúis agus san India.

Macdara Ó Fátharta stars as the irascible lonely failure Krapp, who sacrificed love for his writing career.
A brand new translation into Irish by Gabriel Rosenstock, Mouth on Fire Theatre Company once again delivers on its promise to make the works of Samuel Beckett accessible to all, and to mount productions of the highest calibre.
Macdara, an Abbey actor who has worked extensively in film and television, is best known for his work as Tadhg in Ros na Run.
Cathal Quinn, director, has directed 18 Beckett pieces in English and Irish all over Ireland, touring them to England, Japan, Russia and India.