Daoine ar an imeall! Teanga ar an imeall! Dráma ar an imeall!

Is iad Aisteoirí An Lab, lonnaithe sa Daingean i gCorca Dhuibhne, atá á léiriú. Cé gur scéal tragóideach é seo faoi thriúr a mhaireann ar na sráideanna i mBaile Átha Cliath, tá greann fite fuaite tríd, chomh maith le hábhar macnaimh.

Léiríodh an dráma in Amharclann An Lab ag tús na bliana agus bhí sé le feiscint i rith an tsamhraidh de bharr an éilimh a bhí air. Caitheann an dráma súil ghéar ar na fadhbanna a bhíonn ag daoine gan dídean. Níl éalú acu ón gcruatan ach isteach i réimse na samhlaíochta agus na miotaseolaíochta. In ainneoin na constaicí agus na n-údarás, deineann siad gach iarracht aire a thabhairt dá chéile agus léiríonn siad meas nach beag don nádúr i lár na cathrach.

Amharclann agus Ionad Ealaíon na Gaeilge sa Daingean, Co. Chiarraí is ea An Lab. Faigheann An Lab tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta, an comhfhiontar idir Údarás na Gaeltachta agus An Chomhairle Ealaíon atá dírithe ar fhorbairt na n-ealaíon sa Ghaeltacht

People on the edge! A language on the edge! A play on the edge!

This play is produced by Aisteoirí An Lab who are based in Dingle, Co. Kerry. The three characters in the play are homeless and live on the streets of Dublin, under the shadow of City Hall.

This play was first produced in An Lab Theatre early in the year and was revived during the summer due to popular demand. It throws the problems of homeless people into sharp relief. The characters find respite from their situation by escaping into the realms of fantasy and mythology. Terrorised by the powers-that-be, they take care of one another and of the environment in which they find themselves.

About the Company
An Lab is a Theatre and Arts Centre in Dingle, Co. Kerry where the primary working language is Irish. It is supported by Ealaín na Gaeltachta which is a joint initiative of the Arts Council and Údarás na Gaeltachta
Breis eolais ar Amharclann An Lab sa Daingean (Further Info re An Lab Theatre in Dingle) @ https://www.anlab.ie