Beidh an Fhéile Scoildrámaíochta ar siúl 11 Feabhra – Féile an Chláir, agus 24 Márta – Féile na Mumhan in amharclann Ghlóir, Inis i mbliana. Táimid ag súil leis na sluaite a bheith i láthair ag an ócáid seo idir iomaitheoirí, tuismitheoirí agus lucht féachana.